Tá leá na n-oighearshruthanna ar cheann de na comharthaí is feiceálaí go bhfuil an aeráid ag athrú agus is san Íoslainn is mó a fheictear an leá seo. Beidh eolaithe ar thuras taiscéalaíochta le feiceáil sa gclár seo agus iad ag iarraidh an tionchar atá ag athrú aeráide ar an domhan a thomhas trí scrúdú a dhéanamh ar oighearchaidhpeanna na hÍoslainne, an t-oighearshruth is mó san Eoraip, Jökulsárlón, san áireamh.