Tugtar léargas ar an dochar atá speicis Ionracha ag déanamh do chúrsaí éiceolaíochta sa Spáinn sa gclár faisnéise seo. Is mór an dochar a d'fhéadfadh speicis Ionracha andúchasacha a dhéanamh d'éiceachórais, is cuma más in aon turas nó trí thimpiste a thugtar isteach iad. Díreofar ar an tionchar a bhíonn ag na speicis seo ar éiceachórais sa Spáinn, mar a tugadh isteach sa tír iad agus ar na bealaí ar féidir dul i ngleic leo.