Clár faisnéise faoi Shenzhen sa tSín, atá ar cheann de na cathracha is forbartha agus is nuálaí ar domhan. Déantar earraí a sheachadadh le dróin, tá na tacsaithe gan tiománaithe agus is féidir íoc le bos na láimhe ach ní tharlaíonn tada i ngan fhios de na ceamaraí agus coinníonn róbait na bpóilíní súil ghéar ar chách. Tá an ráta coiriúlachta poiblí tite 80% ach tá smacht iomlán ag an stáit ar an gcathair agus brúitear aon easaontas faoi chois.