Tá tíortha san Eoraip ag braith ECAT agus maoiniú Mheiriceá ó thaobh cúrsaí slándála le blianta fada. Ach anois le Trump sa Teach Bán tá an baol ann go dtarraingeoidh na Stáit Aonaithe siar as ECAT ag fágáil an AE gan cosantóir. Tugtar léargas ar na bagairtí is mó a chaithfeas tíortha san Eoraip aghaidh a thabhairt orthu sa gclár faisnéise seo agus déanfar iniúchadh ar na bealaí is fearr ar féidir leo iad féin a chosaint.