Tabharfar spléachadh sa gclár faisnéise seo ar phaindéim mharfach eile atá go mór i mbéal an phobal i Meiriceá Thuaidh faoi láthair - géarchéim an fheantainil ópóidigh.
Is mó daoine atá á marú ag an druga sintéiseach nua seo ná mar atá ag coireacht gunna, ag dúnmharaithe ná ag timpistí gluaisteáin le chéile.
Tá an druga seo 100 uair níos láidre ná hearóin, é saor, láidir agus beag go leor le seoladh sa bpost. Beifear in Vancouver, croílár an eipidéim feantainil chun bualadh leis na hoibrithe cúraim sláinte, na gníomhaithe, lucht a ndíolta agus an dream atá á úsáid.