An Teanga

Stiúrthóir: Eoghan Mac Giolla Bhríde
Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh

Caidé a dhéanann tú nuair a philleann tú ó ghnáth lá oibre agus tugann tú faoi deara go bhfuil do theanga imithe glan amach as do bhéal?

 

Gearrscannán greannmhar spraíúil é An Teanga faoi chléireach oifige in Údarás na Gaeltachta, Tomás S. Mac Gairbhith, a chailleann a theanga agus a mbíonn air dul i ngleic leis an Chóras le h-iarracht a dhéanamh a theanga a fháil ar ais. Leanann an scannán coimhlint Thomáis in éadan córas nós-cuma-liom ar bhfearr leis dá nglacfadh Tomás leis an tubaiste gan gearán agus cur suas lena chinniúint. Téann Tomás chuig crainn taca uilig an tsochaí ag cuartú cuidigh ach ligeann achan uile dhream síos é. Sa deireadh bíonn sé chomh briste brúite ag neamh-iontas an tsaoil gur furast dóibh déileáil leis ar a gcuid bealaigh míthrócaireach féin. Faigheann Tomás é féin taobh istigh de institiúid eile agus san áit seo ní thagann sé ar a theanga ach ar a chuid sásaimh intinne féin, faoi dheireadh.      

 

Ar bhealach is tragóid áiféiseach é An Teanga a théann i dtreis leis an choincheap áiféiseach de dhuine a theanga a chailleadh go fisiciúil. Ar bhealach eile is aoir é ar an chóras a dhéanann iarracht cúrsaí teanga a chur faoi smacht an mhaorlachais. Agus ar bhealach eile arís is meafar é An Teanga do staid na Gaeilge faoi láthair agus cuntas ar an frustrachas a bhaineann le sochaí atá faoi scáil tairngreacht bás a teanga dúchasach féin.

 

Déanann An Teanga neamh-iontas de na ceisteanna follasacha faoi caidé’n dóigh a dtiocfadh le duine a theanga a chailleadh glan as a bhéal agus gluaiseann sé go tapaigh ar aghaidh go dtín cheist “cá deachaigh sí?” I saol An Teanga déantar neamh-iontas de na fáthanna ar chaill sé a theanga agus dírítear isteach go tromchúiseach ar cén dóigh agus cá háit a d’fhéadfaí í a aimsiú.

 

Is cóiriú don scannán é An Teanga ar ghearrscéal Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrtha ag an scríbhneoir é féin ina chéad obair stiúrthóireachta.


Féach ar Mhíreanna & Cláracha An Teanga

Creidiúintí

Stiúrthóir Eoghan Mac Giolla Bhríde
Léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh
Script Eoghan Mac Giolla Bhríde
Ceamaradóir Micheál Ó Dubháin
Eagarthóir Conall de Cléir
Bainisteoir Léiriúcháin Christine Ní Choncubhair
Dearthóir Seán Cathal Ó Coileáin
Príomh Aisteoirí Keith McErlean, Deirdre Learmont, Mac dara Ó Fátharta & Peadar Lamb
Craoltóir TG4

Próifíl Aisteora/Carachtair

Carachtar Aisteoir
Tomás Mac Gairbhith Keith McErlean