Keith McErlean

Bhain Keith a chuid cáilíochtaí amach ón nGaiety School of Acting i mí an Mheithimh 1998.  Bhí páirteanna aige i Lovers at Versailles, Down the Line, Tartuffe agus Making History d’Amharclann na Mainistreach agus d’Amharclann na Péacóige agus sa dráma The Colleen Bawn a chuaigh ar chamchuairt chuig an Royal National Theatre i Londain. I measc a chuid saothar drámaíochta eile tá Studs, We Ourselves (Passion Machine), Cult Movie, project @ the mint, Cyrano de Bergerac, Amharclann an Gheata agus On Raftery’s Hill le Compántas an Druid a d’oscail in Amharclann Halla na Cathrach agus a chuaigh ar chamchuairt chuig an Kennedy Center, Washington DC, Amharclann an Gheata agus an Royal Court Theatre.

 

I measc na gclár teilifíse agus na scannán atá déanta aige, tá Goldfish Memory, At Death’s Door, When Brendan Met Trudy, The Escapist, agus Touched by an Angel do CBS International.  Is dócha gur as a pháirt mar Barry i dtrí shraith de Bachelors Walk do BBC/RTÉ is fearr atá aithne air go fóill.

 

Ghlac Keith an phríomhpháirt mar Declan in Blackwater Lightship faoi stiúir John Erman do Hallmark Hall of Fame Productions agus bhí sé le feiceáil i ról Toddman in Flyboys le Jean Reno, faoi stiúir Tony Bill do Lions Gate Films, a tháinig amach ag deireadh 2006. Bhí Keith le feiceáil le déanaí i bpáirt Shane sa tsraith nua iomráiteach teilifíse RAW a léirigh Ecosse TV do RTÉ2. Beidh sé le feiceáil sa pháirt chéanna sa dara sraith de RAW ar RTÉ i mí Eanáir 2010.