Is fear áitiúil, singil, 60 bliain d’aois é Mánas Ó Máille atá ina chónaí lena mháthair Jude.
Tá scoilt idir é féin agus a dheartháir Diarmaid mar gheall ar bhean, Bairbre, a raibh an bheirt acu i ngrá léi. D’éirigh le Diarmaid Bairbre a fháil agus fuair Mánas a mháthair.
Conraitheoir tógála ab ea Mánas a rinne a shaibhreas le linn bhlianta an rachmais sular éirigh sé as an obair chun teach mór an tiarna talún áitiúil a cheannach. Cheannaigh sé an teach, cúpla céad acra de choillte agus cearta iascaireachta ar an abhainn ar phraghas maith.
Ach is eiseamláir maith é Mánas den chliché de phóitseálaí atá anois ina mhaor seilge. Nuair a bhí sé ina fhear óg, bhíodh Mánas agus a dheartháir Diarmaid de shíor ag póitseáil ar an abhainn, ach tá sé ráite go bhfuil Mánas anois i bhfad níos déine ar phóitseálaithe ná mar a bhí aon úinéir a chuaigh roimhe. In áit ligean air féin nach bhfeiceann sé tada – an rud a bhíodh ag tarlú riamh agus nach mbánódh é – creideann Mánas gur masla pearsanta dó féin é má bhíonn duine ag póitseáil ar a chuid talún. Tá a aird ar fad dírithe ar a dheartháir, Diarmaid, mar go gcreideann sé gurb é siúd an príomhphóitseálaí ar an abhainn agus tá sé leagtha amach ar cheacht a mhúineadh dó.