Is fear óg 30 bliain d’aois é Jacko Ó Murchú. Tá sé ina chónaí as féin tar éis gur bhásaigh a thuismitheoirí nuair a bhí sé óg. Ceapann formhór daoine nach bhfuil i Jacko ach leathamadán nach bhfuil aon dochar ann. É sin ráite, is maith leis a bheith ag imeacht thart sa choill san oíche agus tá an cháil air go mbíonn sé ag breathnú isteach trí fhuinneoga seomraí codlata ar mhná. Nuair a tháinig a chuid gliúmála chun solais, chuir Sáirsint áitiúil na nGardaí cogar ina chluas. Rinneadh go réidh leis mar gur iarr roinnt de na mná a mbíodh sé ag breathnú orthu a bheith trócaireach leis. Ó shin i leith tá Jacko i bhfad níos cúramaí agus é ag faireachán san oíche.
Is maith le Jacko cúpla deoch a bheith aige sa Tobar. Taitníonn leis a bheith ag faire ar na mná óga agus, scaití, téann sé sa seans agus tugann sé cuireadh dóibh ar ais ag a theach le haghaidh gloine seirise agus cúpla ‘Jam Ring’. Ach an bhfuil Jacko chomh soineanta is a bhreathnaíonn sé... agus cén chaoi go díreach a bhfuair a chuid tuismitheoirí bás?