Is as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe do Mhicheál ó dhúchas. Tá sé ina chónaí i Luimneach le deich mbliana anuas, áit a raibh sé ag obair mar mhúinteoir bunscoile. Tá an comhlacht drámaíochta oideachasúil Dréimire bunaithe aige i Luimneach, agus é ag déanamh ceardlanna drámaíochta le páistí i scoileanna.
Tá roinnt drámaí agus obair teilifíse déanta ag Micheál ó thóg sé briseadh gairme dhá bhliain ó shin. Tá trí chamchuairt déanta aige le Fíbín leis An Triail faoi dhó agus Stair Iomlán na hÉireann…(cineál). Tá Geamaireachtaí Nollag déanta aige gach Nollaig le cúig bhliana anuas i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach.
Tá ceoldramaí déanta aige freisin: ghlac sé páirt Captain Ahab i Moby Dick the Musical, bhí sé i ról Sonny LaTieri i Grease, ba é a bhí i bpáirt Marius i Les Miserables agus ghlac sé páirt Macheath i Threepenny Opera (Barespace).
Tá obair déanta aige ar chartúin freisin, mar aisteoir agus mar stiúrthóir. Bhí baint aige le cartúin ar nós Sesame Street agus South Park. I measc na hoibre stáitse is déanaí atá déanta aige ghlac sé páirt Mick Treacy sa dráma Stolen Child agus bhí sé i ról Johnny Pheaitín Mhaidhc sa dráma Cripil Inis Meáin. Bhí sé le feiceáil freisin sna cláir teilifíse Rásaí na Gaillimhe, Ros na Rún, Síol agus Na Cloigne.