28 November Máistrí na Mara

Clár faisnéise faoi chearta úsáide agus úinéireacht ar limistéir farraige agus le cósta. Tá sárú á dhéanamh ar fud an domhain ar na cearta a bhí riamh ag muintir na háite ar an bhfarraige ina gceantar féin agus sin á dhéanamh ar mhaithe le reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta a shásamh.

Is corparáidí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus stáit atá ag baint tairbhe as príobháidiú agus tráchtálú na farraige. Fiosrófar sa chlár seo ceithre thír ina bhfuil sin ag tarlú go forleathan iontu - An India, Srí Lanca, Cósta Ríce agus an Chéinia - agus na himpleachtaí atá aige.

 

Déardaoin ag 22.30 ar TG4, athchraoladh Dé Máirt ag 3/12 ag 1am ar TG4 nó seinnteoir TG4.ie

Féach ar Mhíreanna & Chláracha Fíor Scéal

Féach ar Mhíreanna & Cláracha Fíor Scéal