Is as an Sídheán ar an Spidéal do Mike P. Ó Conaola. Is léiritheoir raidió agus teilifíse é a chaith blianta ag obair le RTÉ agus le Raidió na Gaeltachta. Bhain sé Gradam Jacobs amach i 1973.
Chomh maith lena chuid oibre craoltóireachta, tá cuid mhaith aisteoireachta déanta aige i mBaile Átha Cliath – sa Damer, in Amharclann na Péacóige agus in Amharclann na Mainistreach. Chomh maith leis sin, ghlac sé páirt i ndrámaí le hAisteoirí an Spidéil, le Taibhdhearc na Gaillimhe agus leis an Seven Ages Theatre Company. Ba é Maidhc P. a léirigh dráma iomráiteach Joe Steve Uí Neachtain Níor Mhaith Linn do Thrioblóid a léiríodh ar fud na hÉireann agus i mBoston Mheiriceá.
Ghlac sé páirt sa scannán Raic a rinneadh i gCarna blianta siar agus i scannáin eile teilifíse thar na mblianta. Glacann sé páirt freisin ar bhonn rialta sa sobalchlár Ros na Rún. Is é atá i bpáirt an Bhleachtaire in Na Cloigne.