Beidh Síle Nic Chonaonaigh ag labhairt ag 'First Thought Talks' ar 29 Iúil in OÉ Gaillimh mar chuid de Fhéile Ealaíona na Gaillimhe.
Sraith den chéad scoth ar TG4 inar fhiosraigh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí & teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain. Teorainneacha iad a mhúnlaigh stair na gceantar ina bhfuil siad, ballaí a bhfuil scéalta dóchais agus athmhuintearais ag baint leo, fiú in am na hanacra.