Tá Murdair Mhám Trasna ar ghearr liosta don Fhéile Scannán ‘Amsterdam Lift-Off Festival Online 2018’. Is féile ar líne atá anseo, inár féidir le lucht féachana ar fud an domhain féachaint ar 13 scannáin idirnáisiúnta agus vóta a chaitheamh ar an dá scannán is fearr leo.
Scéal é Murdair Mhám Trasna, fadscannán arna choimisiúnú ag TG4 agus arna chomh-mhaoiniú ag an BAI, faoi dhúnmharú cúigear den teaghlach céanna i Mám Trasna in Iarthar na hÉireann in 1882 agus an t-iomrall ceartais a lean de bharr fianaise bhréige agus breabaireachta, agus faoin mbaint a bhí ag an gcás le titim rialtas na Breataine ina dhiaidh sin.
Níos luaithe i mbliana ar chomhairle an Rialtais thug Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn pardún iarbháis do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir nuair a ciontaíodh é ar fhianaise bhréagach agus ar fhaisnéise ó bhrathadóirí a dúirt go raibh lámh aige sna dúnmharuithe. Beidh cuid de shliocht Mhaolra Seoighe ag teacht as Meiriceá le bheith i láthair ag an ócáid.
Deir léiritheoir an scannáin, Ciarán Ó Cofaigh, “Táimid thar a bheith sásta Murdair Mhám Trasna a fheiceáil ar ghearr liosta Féile Scannán ‘Lift-Off Film Festival’. Cé gur tharla an eachtra seo i mbaile beag in Iarthar na hÉireann in 1882, tá fréamhacha láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis freisin, ina raibh baint ag an gcás le titim rialtas na Breataine ina dhiaidh dá bharr.
Tar éis dúinn gradam Torc Idirnáisiúnta ag Féile na Meán Ceilteach a bhuachan agus clúdach idirnáisiúnta a bhaint amach sna meáin tar éis an chéad chraoladh, tá lúcháir orainn léiriú spéise idirnáisiúnta sa scannán a fheiceáil arís ag an bhféile nuálach seo.”
Tosaíonn an féile inniu, Dé Luain agus leanann sé ar aghaidh go dtí an 7ú Deireadh Fómhair. Tá Murdair Mhám Trasna ina measc 12 fad-scannán eile ar an nasc seo ar vimeo. Caith do vóta roimh deireadh na seachtaine agus cabhair linn dul chun cinn go dtí an babhta deiridh.
Cuirfear na scannáin leis an líon is mó vótaí chun cinn go dtí an babhta deiridh ar ardán ‘Lift-Off’ áit a mbeidh na moltóirí ag tabhairt marcanna do na scannáin is fearr. Beidh an gearr-scannán agus fad-scannán leis na marcanna is airde léirithe ag an gcéad Fhéile Scannán Lift-Off Film Festival eile.