Bronnadh an Torc Idirnáisiúnta le haghaidh Duais sa gcatagóir Staire ar an saothar Murdair Mhám Trasna ag Féile na Meán Ceilteach 2018.
Ba mhór an onóir do ROSG an gradam seo a fháil. Tá muid thar a bheith bródúil as an saothar seo; scéal Gaeltachta ina bhfuil gnéithe náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis, scéal a mbeidh spéis ag lucht féachana sa bhaile agus thar lear ann ó tharla gur scéal é faoi dhúnmharú, faoin dlí agus faoin bpolaitíocht. Is cúis bróid dúinn freisin gur chuidigh an léiriúchán seo le ainm Mhaolra Seoighe a ghlanadh nuair a bhronn an tUachtarán pardún iarbháis ar Mhaolra san Áras na mhí seo caite.
Scéal é Murdair Mhám Trasna, fadscannán arna choimisiúnú ag TG4 agus arna chomh-mhaoiniú ag an BAI, faoi dhúnmharú cúigear den teaghlach céanna i Mám Trasna in Iarthar na hÉireann in 1882 agus an t-iomrall ceartais a lean de bharr fianaise bhréige agus breabaireachta, agus faoin mbaint a bhí ag an gcás le titim rialtas na Breataine ina dhiaidh sin.
Bunaithe ar an leabhar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin tá Murdair Mhám Trasna léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, Colm Bairéad a stiúradh le Colm Hogan i mbun ceamara, Conall de Cléir mar eagarthóir agus Conor Dennison mar dhearthóir.
Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont 'Tréaslaím leis an bhfoireann léiriúcháin ar fad as an obair iontach a rinne siad' ag rá freisin go “gcuireann sé seo leis an aitheantas atá faighte ag an clár seo ar fud na cruinne agus tá muid thar a bheith sásta leis an duais ónár gcomhghleacaithe sna meáin Cheilteacha.”
Tá Murdair Mhám Trasna ar fáil ar fud an domhain ar sheinnteoir TG4.