D’fhógair An tOireachtas inniu (4 Meán Fómhair 2019) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019. Dhá chatagóir déag (12) atá ar chlár na ngradam i mbliana.
Tá ROSG ar bís a fhógairt go bhfuil An Balla, Iosrael agus Palaistín ar an ngearrliosta do 'Sraith Teilifíse na Bliana'.
Reáchtálfar an 21ú searmanas bronnta in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019 áit a ndéanfar ceiliúradh ar lucht déanta clár, iriseoirí, láithreoirí agus ceannródaithe na hearnála cumarsáide. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh ag iad ag triall ar an Searmanas Bronnta.